Chuaigh Josie ar saoire go Montana. Bhí sé ag bainis amuigh ansin, cur síos aige ar an lá sin. Casadh a chuid daoine muinteartha air agus chonaic sé féin mar a d’éirigh leo. Tá mílte acraí talaimh acu ach is talamh lom bocht é ach tá siad ag tógáil eallaigh air. Ní raibh an t-eallach ansin mar atá anseo sa tír seo.